Journal of Indo-European Studies

Irisleabhar acadúil piarmheasúnaithe léinn Ind-Eorpaigh is ea The Journal of Indo-European Studies. Chuir Roger Pearson ar siúl é sa bhliain 1973. Foilsítear páipéir san antraipeolaíocht, seandálaíocht, miotaseolaíocht agus teangeolaíocht a bhaineann le stair chultúir na bpobal Ind-Eorpach. Foilsítear an t-irisleabhar go ráithiúil. Is é J. P. Mallory (Ollscoil na Ríona) eagarthóir an irisleabhair faoi láthair.

Sa bhliain 2006, cuireadh cartlann le téacs iomlán le fáil ar an Idirlíon d'institiúidí ar síntiúsóirí leis an irisleabhar iad.


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search